Skip to main content

Litearthacht sna Meáin 10 leid is fearr _

Déan cinnte go bhfuil aiste faisnéise sláintiúil agat

Tá a fhios againn gur cheart dúinn suim a chur i gcaighdeán an bhia a bhíonn á ithe againn. Nach luíonn sé le réasún, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh suim againn freisin i gcaighdeán an eolais a bhíonn á shú isteach againn? Téann an fhaisnéis a thógann muid isteach i bhfeidhm go mór ar ár dtuairimí, ár gcinntí agus ár gcaidrimh shóisialta. Díreach mar a d’fhéadfadh bia a bheadh ar dhroch-chaighdeán dochar a dhéanamh dár sláinte, d’fhéadfadh eolas nach bhfuil ar dhea-chaighdeán drochthioncar a imirt ar ár stór eolais (nó ar ár sláinte eolais). Agus cén dochar é sin? Bhuel, is é an fhadhb atá ann ná go n-úsáideann muid ár stór eolais chun gur féidir linn plé leis an domhan timpeall orainn ar bhealach loighciúil agus oibiachtúil. Má fhoghlaimímid rud éigin atá mícheart nó lochtach, d’fhéadfadh gurb é an toradh a bheadh air ná cinnteoireacht lochtach, droch-bhreithiúnais agus conclúidí míchearta – d’fhéadfadh siad seo rian an-diúltacha a fhágáil ar ár saol agus ar shaol na ndaoine eile atá timpeall orainn.

 

Dá bhrí sin, má theastaíonn uainn cinntí réasúnta agus eolasacha a dhéanamh faoi go leor gnéithe éagsúla dár saoil, ó chúram sláinte agus airgeadas go dtí cúrsaí polaitíochta agus caidrimh shóisialta, tá sé an-tábhachtach a chinntiú go mbíonn teacht againn ar eolas atá cruinn agus iontaofa agus gur féidir linn an t-eolas sin a aithint.

 

Nuair a bhíonn daoine eolach éiríonn siad níos cumhachtaí agus bíonn siad níos réitithe le páirt a ghlacadh i gcomhráite poiblí fiúntacha, saincheisteanna casta a thuiscint, agus na roghanna cuí a dhéanamh le linn imeachtaí tábhachtacha ina saol, i gcás toghchán, mar shampla. Nuair a bhíonn daoine eolasach agus faisnéis chruinn, iontaofa acu cuirtear cultúr na foghlama chun cinn freisin, rud a threisíonn an próiseas daonlathach agus a chuidíonn le sochaí níos láidre a bhfuil níos mó teacht aniar ann.

Seiceáil foinse an eolais i gcónaí.

Gan foinse, d’fhéadfadh nach mbeadh fiúntas ar bith ag baint leis an bhfaisnéis. Samhlaigh go bhfuil tú ag éisteacht le píosa suimiúil cúlchainte atá ag duine éigin. Sula gcreidfeá an chaint seo, is dóigh go dteastódh uait a fháil amach cén áit as ar tháinig sé, nach dteastódh? Sin toisc go bhféadfadh tionchar a bheith ag iontaofacht an duine atá ag insint an scéil ar an seans atá ann go bhfuil sé fíor.

 

Ar an gcaoi chéanna, nuair a thagann tú trasna ar ábhar, is cuma más alt nuachta, físeán, nó post ar na meáin shóisialta atá ann, tá sé an-tábhachtach, sula dtugann tú breith thobann air, a sheiceáil cén áit as ar tháinig sé.

Tá a fhios againn ar fad go bhfuil an t-idirlíon lán le scéalta, cuid acu fíor agus cuid acu bréagach. Is deacair iad a dheighilt ó chéile.

D’fhéadfadh cuid de na scéalta a bheith bunaithe ar eolas nach bhfuil cruinn ó thaobh na bhfíricí de, d’fhéadfadh cor a bheith curtha san eolas ag daoine ar mhaithe leo féin agus d’fhéadfadh cuid eile a bheith ag cumadh le haghaidh aird a fháil nó le haghaidh spraoi. Is é an príomhphointe anseo ná gurb é an méid muiníne is féidir a chur sa bhfoinse, den chuid is mó, a shocraíonn cé chomh hiontaofa atá an t-eolas atá á chur i láthair aige. Is iondúil go mbíonn caighdeáin, clú agus uirlisí cuntasachta ag institiúidí iontaofa, ag gníomhaireachtaí nuachta seanbhunaithe, agus ag saineolaithe aitheanta. Fágann sé seo gur féidir brath go dtí pointe ar an eolas a thugann siad. Nuair a sheiceálann tú an fhoinse, tá tú ag cinntiú nach n-imreofar cleas ort nó nach gcuirfear dallamullóg ort go héasca agus tá tú ag déanamh cinnte go bhfuil an rud atá tú a fhoghlaim, a chreidiúint, nó a roinnt le daoine eile chomh gar don fhírinne agus is féidir.

Bain úsáid as do chuid sceipteachais ar bhealach réasúnach agus ciallmhar.

Fiú má tá aiste eolais an-mhaith agat agus go  roghnaíonn tú do chuid foinsí go cúramach, ba cheart, fós féin, go mbeadh méid áirithe amhrais ort nuair a bhíonn tú ag déileáil le hábhar ar na meáin. Ach cad atá i gceist le hamhras i gcomhthéacs na meán agus an eolais? Is éard atá i gceist go príomha leis ná  go gceistíonn tú an fhaisnéis ar mhaithe le cinneadh a ghlacadh faoi cé chomh bailí agus atá sé. Ní ghlacann an té atá amhrasach lena bhfuil á mhaoímh de réir a chosúlachta, ach cuardaíonn sé fianaise, cúiseanna atá réasúnach, agus leanúnachas loighciúil sula ndéanann sé suas a intinn. Is uirlis é an sceipteachas a thugann cosaint i gcoinne dallamullóg, mífhaisnéis, agus cinntí a ghlacadh róluath agus spreagann sé foghlaim agus fiosracht leanúnach.

 

Ar an taobh eile den scéal, is dearcadh níos dolúbtha agus níos amhrasaí atá sa tsoiniciúlacht. Is amhlaidh nach gcreideann an té atá soiniciúil, go hiondúil, go bhfuil macántacht nó maitheas ag baint le spreagthaí agus le gníomhartha an duine, agus bíonn sé ag súil go minic le torthaí diúltacha nó le rún diúltach.

 

Cé go bhfuil an sceipteachas atá sláintiúil in ann cabhrú linn an-tuiscint a fhorbairt agus muid a chosaint ar bhréaga, d’fhéadfadh gur neamhshuim, éadóchas agus easpa muiníne i ndaoine agus in institiúidí an toradh a d’eascródh as soiniciúlacht. Le himeacht ama, is féidir le soiniciúlacht atá imithe ó smacht cur as do chaidrimh phearsanta, comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobail a laghdú, agus bac a chur ar athrú dearfach.

 

Is dócha gur chuala tú daoine ag rá “nach gcreideann siad in aon rud agus nach bhfuil muinín acu as duine ar bith”. Bhuel, níl sé sin an-chiallmhar. Is cinnte go bhfuil daoine agus institiúidí ann atá le trust, agus is é an ról atá agatsa ná do chuid sceipteachais a úsáid chun meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar na cinn atá le trust, bunaithe ar fhianaise agus ar réasún, seachas é a úsáid ar mhaithe le hamhras a chaitheamh ar gach duine agus ar gach rud.

Bain úsáid as do scileanna smaointeoireachta criticiúla agus tú ag déileáil le hábhar agus le heolas ar na meáin.

Táimid plúchta an t-am ar fad leis an méid faisnéise atá ag teacht chugainn ó fhoinsí éagsúla, ó ailt nuachta go dtí postálacha ar na meáin shóisialta. An bhfuil bealach éigin go bhféadfadh muid an t-ualach eolais seo a sheachaint agus a oibriú amach cén chuid de  a bhfuil ár n-aird tuillte aige agus an chuid  nach bhfuil.

 

Seo an áit a dteastaíonn smaointeoireacht chriticiúil. Ciallaíonn smaointeoireacht chriticiúil go mbíonn fianaise á lorg, go mbíonn botúin nó contrárthachtaí a d’fhéadfadh a bheith in argóint á n-aithint, foinsí á meas, agus go mbítear ag smaoineamh ar dhearcthaí éagsúla.

Oibríonn smaointeoireacht chriticiúil cosúil le huirlis atá anailíseach, loighciúil agus córasach agus ligeann sí dúinn breathnú ar ábhar nó ar fhaisnéis, ceisteanna cuí a chur agus anailís mhionsonraithe a dhéanamh.

 

Nuair a bhíonn muid ag smaoineamh ar bhealach criticiúil, bíonn muid ábalta faisnéis a scagadh, deighilt a dhéanamh idir an rud atá ábhartha agus an rud atá iomarcach nó atá ár gcur ar míthreoir. Cuireann sé seo ar ár gcumas dúinn a bheith níos dírithe ar shaincheisteanna ábhartha agus iad a thuiscint níos fearr.

 

Tugann an smaointeoireacht chriticiúil deis dúinn fíricí infhíoraithe a scaradh ó dhearcadh pearsanta, a chinntiú go bhfuil an tuiscint atá againn ar thopaic bunaithe ar fhíricí agus nach bhfuil siad curtha as a riocht ag tuairimí suibiachtúla. Cuidíonn smaointeoireacht chriticiúil linn a thabhairt faoi deara má tá claonadh i bhfaisnéis, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhfaisnéis atá á chur i láthair, agus ár dtuiscint air a chur in oiriúint dá réir.

 

Is éard atá sa smaointeoireacht chriticiúil ná próiseas a mbaineann muid úsáid as chun eolas a mheas agus a chuireann ar ár gcumas a bheith ina dtomhaltóirí ciallmhara nuair a thagann sé go dtí ábhar ar na meáin, agus muid in ann cinntí ciallmhara bunaithe ar fhaisnéis a dhéanamh i saol atá lom lán le faisnéis atá go minic ag teacht salach ar fhaisnéis eile.

Seiceáil do chlaontacht féin i  gcónaí.

Tá an claonadh ionainn ar fad faisnéis a léamh ar bhealach a dhearbhaíonn an rud a chreideann muid agus na tuiscintí atá againn cheana féin. Sin é atá i gceist le claonadh deimhnithe. Gníomh neamhdheonach atá ann ina ndéanann muid neamhaird den fhaisnéis nach dtagann leis na rudaí a chreideann muid nó a bhréagnaíonn iad, agus ag an am go dtugann muid níos mó tábhachta d’fhaisnéis atá ag teacht leis an méid a chreideann muid. Mar thoradh air seo d’fhéadfadh ár ndearcadh ar an saol mar atá a bheith curtha as a riocht, mar go bhféadfadh nach dtabharfadh muid aon aird, i ngan fhios dúinn féin, ar fhíricí nó ar fhianaise a bheadh thábhachtach díreach toisc nár thaitin siad linn.

 

Tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil claontacht ag baint linn ar fad agus nach féidir fáil réidh leis go hiomlán. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh muid ar a laghad eolasach faoin gclaonadh atá ionainn níos mó tábhachta a thabhairt d’fhaisnéis a oireann dár roghanna pearsanta. Céim chuí a bheadh sa chéad chéim seo agus d’fhéadfadh sé an-leas a dhéanamh dúinn inár saol ó lá go lá.

 

Nuair atá an oiread sin faisnéise ag teacht chugainn ón oiread sin foinsí – bunaithe go minic ar algartaim a bhfuil tuairim mhaith acu faoina gcreideann muid – tá sé an-fhurasta an botún a dhéanamh gan glacadh ach le hábhar a thagann leis an rud a chreideann muid cheana féin. Tá go leor scéalta agus dearcthaí éagsúla fite fuaite ina chéile agus mura seiceálann muid na claontachtaí atá ionainn, tá an baol ann go mbeimid ag glacadh isteach faisnéis go héighníomhach, seachas a bheith gníomhach agus criticiúil.

Anuas air sin, is féidir le claontachtaí nach gcoinnítear srian orthu cur isteach ar ár gcumas a bheith comhbhách agus tuisceanach. D’fhéadfaí cur as freisin don idirghníomhaíocht agus don phlé a bhíonn againn le daoine eile mar go mbíonn fonn orainn beag is fiú a dhéanamh, gan smaoineamh, de dhearcadh agus d’ábhar imní na ndaoine eile gan fiú éisteacht a thabhairt dóibh.

Bí cúramach faoi íomhánna agus faoi fhíseáin a bhfuil dochtúireacht déanta orthu.

Deirtí, tráth, nach n-insíonn pictiúr bréag riamh. Ar an drochuair, is bréag anois é sin!

 

Is údar imní, atá ag dul i méid, é an chaoi a ndéantar íomhánna agus físeáin a láimhseáil ar mhaithe le dallamullóg a chur ar dhaoine nó chun faisnéis nach bhfuil cruinn a thabhairt, go háirithe mar go ndéanann an teicneolaíocht an-éasca é do dhuine ar bith, beagnach, íomhánna agus físeáin a chur in eagar le huirlisí agus feidhmchláir atá éasca le suiteáil ar ghuthán, ar tháibléad nó ar ríomhaire. Ní theastaíonn ach cúpla clic le píosaí de ghrianghraif agus d’físeáin a chur isteach nó a bhaint amach, iad a fheabhsú nó a athrú go hiomlán ionas go bhfuil bríonna agus scéalta atá difriúil ar fad cruthaithe.

 

Mar gheall air seo, tá sé an-tábhachtach breathnú go criticiúil ar íomhánna agus ar fhíseáin ar líne. Bí san amhras i gcónaí faoi íomhánna agus faoi fhíseáin atá  conspóideach nó dochreidte, go háirithe má spreagann siad mothúcháin láidre. I gcuid mhaith cásanna, déantar iad a ionramháil díreach ar mhaithe le rannpháirtíocht ar líne a ghiniúint nó chun insint ar leith a chur chun cinn. Breathnaigh ar an ábhar go cúramach, féachaint an bhfuil comharthaí ann go raibh mí-ionramháil déanta. Mar shampla, i gcás íomhánna a d’fhéadfadh gurb é a bheadh i gceist ná neamhréireanna maidir le soilsiú, scáthanna, nó comhréireanna, nó b’fhéidir go mbeadh gnéithe san íomhá atá as áit nó aisteach. I gcás físeáin, tabhair aird ar an bhfuaim – an bhfuil sé ag réiteach go maith leis na híomhánna, nó an bhfuil an chosúlacht air nach mbaineann siad le chéile agus go bhfuil siad ina gcíor thuathail?

 

Sula roinnfidh tú na híomhánna tóg d’am agus seiceáil go bhfuil siad iontaofa. Is féidir leat, mar shampla, uirlisí cuardaigh íomhá droim ar ais a úsáid, cosúil le Google Images nó TinEye chun foinse íomhá a aimsiú. Tá  na huirlisí seo in ann cabhrú leat leaganacha a bhí ann níos túisce den íomhá a aithint agus áiteanna eile inar úsáideadh é, rud a chabhróidh leat a oibriú amach an raibh dochtúireacht déanta air nó nach raibh. I gcás físeáin, is féidir leat, mar shampla, an píosa scannánaíochta a chuardach i bhfoinsí  iontaofa d’fhonn a chinntiú go bhfuil sé dlisteanach.

Foghlaim conas déileáil le smaointeoireacht chomhcheilge.

Is éard is teoiricí comhcheilge ann ná tuairim creidimh nó míniú a thugann le fios gur tharla roinnt imeachtaí nó cásanna áirithe mar thoradh ar chomhcheilg rúnda, a bhíonn mailíseacha de ghnáth ag grúpaí atá aisteach agus faoi cheilt nó atá cumhachtach, fiú nuair nach bhfuil mórán fianaise ann chun tacú leis na rudaí atáthar ag maíomh. De ghnáth déanann na teoiricí seo go maith toisc nach mbíonn muinín as rialtais, institiúidí agus daoine cumhachtacha. Tugann siad mínithe malartacha a d’fhéadfadh cás láidir a chur chun cinn, agus tugann siad sólás do dhaoine nó ardchéimíocht.

 

Is é nádúr an duine míniú praiticiúil nó cúis a lorg le haghaidh cúrsaí a scanraíonn muid, a ghoilleann orainn nó a bhíonn ina mbagairt, nó le haghaidh imeachtaí atá tábhacht agus a mbíonn tionchar acu, amhail paindéim Covid-19. Ach nuair nach mbíonn aon mhíniú sciobtha, simplí ann, tá an baol ann go dtiocfaidh teoiricí róshimplí chun cinn bunaithe de ghnáth ar eolas atá  roghnaitheach, curtha as a riocht nó bhréagach amach is amach. Tá fadhb ag baint leis seo mar go gceileann sé an fhírinne ar dhaoine, agus dá mhéad daoine a bhíonn páirteach sna teoiricí seo, is ea is deacra a bhíonn sé idirdhealú a dhéanamh idir eolas iontaofa agus eolas bréagach, rud a chuireann as a riocht ar fad an tuiscint atá acu ar fhírinne an tsaoil.

 

Nuair a bhuaileann tú le daoine ag a bhfuil an cineál seo smaointeoireachta comhcheilge, ná bí ag magadh fúthu agus ná déan iarracht dul i bhfeidhm orthu le fianaise a chruthódh go bhfuil dul amú orthu. Ní athróidh sé sin a n-intinn. Ina áit sin, déan iarracht éisteacht leo le meas, fiú mura n-aontaíonn tú leo, toisc go bhfuil sé tábhachtach iarracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar a gcás. In ionad fíricí a chur os a gcomhair, cuir ceisteanna a spreagann smaointeoireacht chriticiúil, dála “Cén chaoi ar tháinig tú ar an eolas seo?” nó “Cén fáth go gcreideann tú go bhfuil an fhoinse seo iontaofa?” Is í an aidhm ná go bhfeicfeadh siad na fadhbanna a bhaineann leis an argóint as a stuaim féin. Agus, ar deireadh, déan iarracht iad a spreagadh le scrúdú a dhéanamh ar fhoinsí éagsúla, agus béim á leagan agat ar an tábhacht a bhaineann le heolas a chros-seiceáil.

Bí freagrach agus tú ag roinnt

Tá sé tábhachtach, ar go leor cúiseanna, go mbeifeá cúramach leis an eolas a roinneann tú ar líne, lena n-áirítear sábháilteacht phearsanta, folláine daoine eile, agus na himpleachtaí níos leithne don tsochaí.

 

I dtosach báire, is stór ollmhór é an t-idirlíon, agus nuair a roinntear eolas bíonn sé an-deacair smacht a choinneáil ar an áit a dtéann sé. Is féidir sonraí pearsanta nó cuimhneacháin phríobháideacha a úsáid le haghaidh camscéimeanna, mar shampla, nó d’fhéadfadh ár sábháilteacht a bheith faoi bhagairt mar gheall orthu. Má roinneann tú an iomarca eolas pearsanta, d’fhéadfá tú féin a chur i mbaol cibearbhulaíochta, stalcaireachta agus gníomhaíochtaí díobhálacha eile ar líne.

 

Taobh amuigh den imní faoin duine aonair, tá freagracht chomhchoiteann ann chomh maith. Má roinneann tú eolas atá mícheart nó bréagach, fiú i ngan fhios duit féin, d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige. Mar shampla, má scaipeann tú ráflaí nó scéalta a chuireann dallamullóg ar dhaoine nó nach bhfuil aon bhunús leo, is féidir leis seo scaoll a chur chun cinn, míthuiscintí a chruthú, nó fiú dochar a dhéanamh do chlú daoine. Go háirithe i ré dhigiteach an lae inniu, áit a mbíonn eolas ag scaipeadh go fíor sciobtha, tá bréaga, ráflaí, cúlchaint, agus scéalta nach bhfuil go hiomlán fíor in ann scaipeadh go tapa agus a bheith fréamhaithe sular féidir iad a bhréagnú.

 

I gcásanna níos tromchúisí, má roinntear mar shampla eolas faoi chúrsaí sláinte, atá míthreorach nó bréagach, d’fhéadfadh gurb é an toradh a bheadh air ná go ndéanfadh daoine cinntí míchuí nó fiú cinntí a bheadh contúirteach, rud a chuirfeadh ní hamháin ar a bhfolláine féin ach folláine agus sábháilteacht daoine eile i gcontúirt. I réimse na polaitíochta nó an bheartais phoiblí, má scaiptear eolas nó scéalta atá bréagach nó míchruinn d’fhéadfaí an pobal a chur amú, rud a dhéanfadh dochar don phróiseas daonlathach. Mar thoradh air seo b’fhéidir go mbeadh cinntí déanta bunaithe ar eolas mícheart nó neamhiomlán rud a d’imreodh tionchar diúltach ar phobail iomlána.

 

Ar deireadh, is gá dúinn smaoineamh ar phríobháideachas daoine eile. Cuimhnigh: má roinneann tú faisnéis phríobháideach faoi dhuine eile gan a gcead – is cuma an grianghraif, sonraí pearsanta, nó sonraí rúnda eile atá iontu – d’fhéadfadh go mbeifí ag sárú a gcearta príobháideachais agus ag sárú an dlí, ar bhealach tromchúiseach agus go mbeadh toradh tubaisteach aige seo ó thaobh an íospartaigh agus ó do thaobh féin.

Bí cúramach faoin gcaoi a bhfaigheann tú do chuid nuachta ar ardáin na meán sóisialta.

Léirigh staidéir a bhí déanta le déanaí go bhfuil daoine ag fáil a gcuid nuachta níos minice de réir a chéile ar na hardáin meán sóisialta ar nós Facebook, Instagram, X agus TikTok. Cé go bhfuil sé seo áisiúil agus cé go dtugann na hardáin sin rochtain iontach ar fad dúinn ar fhaisnéis, tá míbhuntáistí suntasacha ag baint leo ar cheart a bheith ar an eolas fúthu.

 

I dtosach báire, toisc go bhfuil an oiread sin eolais ar fáil ar fhothaí na meán sóisialta agus go dtagann an t-eolas chugainn chomh sciobtha bíonn an claonadh ionainn a bheith ag scimeáil, in áit a bheith ag léamh na nuachta i gceart. D’fhéadfadh dá bharr seo nach mbeadh ag na húsáideoirí ach tuiscint fhánach ar scéalta atá sa nuacht rud a athraíonn go hiomlán an tuiscint a fhaigheann siad ar scéal nó ar an eachtra. Chomh maith leis sin, mar gheall ar an mbealach ina roinntear ábhar ar na meáin shóisialta go sciobtha agus go rábach tá an fhaisnéis atá bréagach nó mhíthreorach in ann scaipeadh go tréan. Nuair nach mbíonn dianchaighdeáin eagarthóireachta i bhfeidhm, tá sé éasca do dhaoine a bhfuil droch-intinn acu cuntais nó leathanaigh bhréige a chruthú agus ligeann orthu gur soláthraithe nuachta atá iontu. Ar an gcaoi seo is féidir leo fíricí atá bréagach nó curtha as a riocht a scaipeadh amhail is dá mba fíornuacht atá ann.

 

Tá sé tábhachtach freisin a thuiscint go bhfuil ardáin na meán sóisialta dírithe go príomha ar bhrabús a dhéanamh. Ciallaíonn sé seo go n-íocann fógróirí as bheith sofheicthe, rud a fhágann go mbíonn sé deacair scaití deighilt a dhéanamh idir ábhar nuachta iontaofa agus ábhar nó fógraí atá urraithe. Le rudaí a dhéanamh níos casta fós, bíonn níos mó tionchair go hiondúil ag ceannlínte a tharraingíonn ár n-aird, ag an gclic-mhealladh, agus ag na scéalta dochreidte tá sé níos fusa dóibh a bheith ag ‘treochtáil’ ar ardáin na meán sóisialta ná iriseoireacht atá caolchúiseach agus domhain. Is mó seans go roinnfear scéalta nuachta atá in ann mothúcháin láidre a spreagadh, bíodh siad sin dearfach nó diúltach, rud a d’fhágfadh go mbeadh claonadh ann i dreo nuacht a spreagann mothúcháin, seachas tuairiscí atá níos neodraí agus níos cothroime.

 

Smaoinigh ar na saincheisteanna seo ar fad  agus tú ag léamh nuachta ar ardáin na meán sóisialta. Agus smaoinigh ar dhul díreach chuig láithreáin ghréasáin na meán nuachta chun taithí níos cuimsithí agus níos doimhne a fháil mar thomhaltóir nuachta.

Bí fiosrach faoina bhfuil ar siúl i dtírdhreach na meán digiteach.

I bhfianaise chomh dinimiciúil agus síorathraitheach agus atá tírdhreach na meán digiteach, is mór an chabhair é má dhéanann muid iarracht coinneáil suas chun dáta, chomh maith agus féidir, leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le teicneolaíochtaí na cumarsáide.

 

Tá na huirlisí agus na hardáin a úsáidtear chun ábhar meán a chruthú agus a dháileadh ag síorathrú, agus ardáin nua meán sóisialta, uirlisí cruthaithe inneachair, agus bealaí dáileacháin nua ag teacht ar an bhfód an t-am ar fad. Má bhíonn tú fiosrach agus ag lorg  deiseanna le foghlaim faoi na forbairtí nua, cabhróidh sé leat déileáil ar bhealach criticiúil le hábhar ar fud na meán agus na n-ardán éagsúil.

 

 

Chomh maith leis sin, tá athrú suntasach tagtha ar an gcaoi a n-úsáideann muid na meáin, agus muid ag athrú ó na hardáin thraidisiúnta ar nós na nuachtán agus na teilifíse go dtí na meáin dhigiteacha agus shóisialta. Má éiríonn leat coinneáil suas leis na hathruithe seo i dtomhaltas na meán, beidh tuiscint níos fearr agat ar chomhthéacs agus ar inchreidteacht na faisnéise a dtagann tú trasna uirthi. Tá sé seo fíor freisin i gcás na bréagaisnéise: tá na straitéisí a úsáidtear chun an bhréagaisnéis a scaipeadh ag éirí níos sofaisticiúla, rud a fhágann gur gá do dhaoine a bheith ag tabhairt a scileanna litearthachta sna meáin suas chun dáta go leanúnach ionas go mbeidh siad in ann cineálacha nua bréagaisnéise a shainaithint go héifeachtach agus dul i ngleic leo go héifeachtach.

Níl sé éasca coinneáil suas chun dáta leis an teicneolaíocht. Táimid go léir gnóthach agus go leor ar na bacáin againn, ach tá sé an-tábhachtach beagán ama a chaitheamh ag cur lenár scileanna litearthachta sna meáin, toisc go gcuireann sé ar ár gcumas a bheith freagrach mar dhaoine a úsáideann na meáin, timpeallacht na faisnéise digití a nascleanúint ar bhealach níos sábháilte agus níos éifeachtaí agus go gcuireann sé saoránacht eolasach chun cinn – rud a théann chun tairbhe do gach duine.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi gcaoi le bheith suas chun dáta agus teacht ar dheiseanna don fhoghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, cosúil le ceardlanna agus seimineáir ghréasáin, lean eagraíochtaí litearthachta sna meáin ar féidir brath orthu, amhail Litearthacht sna Meáin Éire.