Stop
Léigh níos mó ná na ceannlínte.
Tá ceannlínte scríofa ar bhealach chun d’aird a tharraingt ach ní thugtar an scéal ar fad iontu, agus ní féidir sin a dhéanamh i bpostáil ghearr ar na meáin shóisialta ach an oiread. Má shíleann tú nach bhfuil sé fíor, tá seans ann go bhfuil an ceart agat.
Stop
Ná glac leis go bhfuil an scéal ar fad á chur in iúl i bpictiúr ná i ngrianghraf.
Ní léargas ceart a bhíonn i bpictiúr i gcónaí. Tá sé an-éasca an tuairim mhícheart a bheith agat i ndiaidh duit féachaint ar phictiúr a bhfuil athrú nó fóta-eagarthóireacht déanta air, nó ar phictiúr a bhfuiltear á úsáid sa chomhthéacs mícheart fiú. Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar ghrianghraf nó ar íomhá chun an áit as ar tháinig siad a dhearbhú. Is féidir uirlisí mar Google Reverse Image Search a úsáid chun cuidiú leat íomhánna a dhearbhú.
Stop
Ní hionann íomhá mhearscaipthe nó íomhá a bheith ag treochtáil agus íomhá atá beacht.
Is féidir le bréagaisnéis a bheith curtha ar bhealach chun freagra sochorraithe a fháil ó dhaoine agus go spreagfadh sin iad leis an bhfaisnéis a roinnt nó le ‘is maith liom’ a thabhairt go tapa fad is atá uafás, bís, díchreideamh agus araile ar na daoine sin. Tá sé an-éasca faisnéis a roinnt go tapa le grúpaí móra daoine mar gheall ar na meáin shóisialta agus feidhmchláir teachtaireachtaí.