Seiceáil na Fíricí
Tá go leor láithreáin ghréasáin agus eagraíochtaí seiceála fíricí ag obair go dian chun cabhrú leat a aithint cad atá cruinn agus iontaofa agus cad nach bhfuil.
Is é FactCheck ón Journal.ie an t-aon sínitheoir fíoraithe Éireannach leis an gCód Idirnáisiúnta um Phrionsabail an Líonra Seiceála Fíricí, le gealltanais maidir le neamhpháirtíocht, cothroime agus trédhearcacht.
Is é FactCheckNI an t-aon sínitheoir fíoraithe atá ag Tuaisceart Éireann leis an gCód Idirnáisiúnta um Phrionsabail maidir le Seiceáil Fíricí, le gealltanais maidir le neamhpháirtíocht, cothroime agus trédhearcacht.
Tacaíonn Institiúid Poynter freisin le seiceáil fíricí ar roinnt bealaí, lena n-áirítear láithreán gréasáin Politifact, the Corona Virus Fact Alliance agus Corona Virus Facts Database.
Is aonad de chuid Institiúid Poynter é an Líonra Idirnáisiúnta Seiceála Fíricí atá tiomanta do sheiceálaithe fíricí a thabhairt le chéile ar fud an domhain trí dhea-chleachtais agus malartuithe a chur chun cinn sa réimse seo, agus cód prionsabal mar bhonn taca leis.
Is foireann de sheiceálaithe fíricí agus feachtasóirí neamhspleácha é Full Fact a fhaigheann, a nochtann agus a chuireann i gcoinne an dochair a dhéanann mífhaisnéis
Is é Snopes an suíomh seiceála fíricí is sine agus is mó ar líne agus cuireann sé na lipéid ‘Fíor’, ‘Fíor den chuid is mó’, ‘Meascán’, ‘Bréagach den chuid is mó’ nó ‘Bréagach’ le scéalta.