Skip to main content

Ag comhaireamh na laethanta go dtí go seolfar Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin 2023 _

Seolfaidh Litearthacht sna Meáin Éire Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin 2023 ar an 24 Deireadh Fómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain Domhanda na Litearthachta sna Meáin agus san Fhaisnéis.

Agus é mar chuspóir uileghabhálach aige daoine a spreagadh le Stopadh, Smaoineamh agus Seiceáil go bhfuil an t-eolas a fhaigheann siad cruinn agus iontaofa, tá tacaíocht ag an bhfeachtas náisiúnta seo, arís eile, ó raon leathan de bhaill Litearthacht sna Meáin, Éire agus tagairt ar leith á déanamh do Google Ireland, Institiúid Scannán na hÉireann, TG4, RTÉ, Virgin Media, Sky Ireland agus na stáisiúin raidió áitiúla, náisiúnta agus pobail ar fad ar fud na tíre, chomh maith le NewsBrands Ireland, Webwise, The Journal, TikTok agus ar ndóigh, ár bpríomh-chomhpháirtithe ar Chlár Oiliúna Pobail Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin, EDMO Éire.

An teachtaireacht Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin a chur in iúl

Cuirfear tús leis an bhfeachtas ar an 24 Deireadh Fómhair tráth a mbeidh na fógraí maidir le Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin le feiceáil ar fud na gcainéal craolta agus ar líne. Chomh maith leis sin cuirfear sraith de shócmhainní meán sóisialta ar fáil do bhall Litearthacht sna Meáin, Éire ar fad, agus beidh siad in ann iad seo a úsáid chun cabhrú leis an teachtaireacht a scaipeadh ar líne.

Más mian leat teacht ar an bhfógra Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin nó ar shócmhainní na meán sóisialta, seol ríomhphost chuig info@medialiteracyireland.ie nó logáil isteach i limistéar na mball ar láithreán gréasáin Litearthacht sna Meáin, Éire chun teacht orthu.

Toisc go mbeidh go leor de bhaill Litearthacht sna Meáin, Éire, lena n-áirítear EDMO Éire, The Journal agus TikTok ag comhoibriú freisin ar an téama Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin, bí ag éisteacht agus ag faire amach ar do stáisiún raidió áitiúil agus ar chainéil TikTok le haghaidh plé maidir an teachtaireacht atá taobh thiar de Stop, Smaoinigh, Seiceáil.